Chandra Charisma & Brock Bluster
“Ba mhaith leat é a chreidiúint.”
Bainisteoir | |
Gairm | Dáileoirí Nuachta Bréige. Reáchtálann siad an CFNN – Cable Fraudulent News Network (Líonra Nuachta Calaoise Cábla) |
Speisialtacht | Ag insint nuacht bhréige ar gach ábhar |
Paisean rúnda | Tráthanna na gCeist |
Monarcha | |
Ainm na monarchan | Monarcha Nuacht Bhréige |
Príomhchuspóir na monarchan | Nuacht bhréige á scaipeadh |
An leibhéal ag a n-osclaíonn an mhonarcha | Leibhéal 7 |
Minion na monarchan | |
Ainm | Minion Nuacht Bhréige |
Tréith speisialta | Bhí sé ag iarraidh a bheith ina aisteoir |
Inis dúinn faoi do phost
“Tá an fhírinne salach sa chás is fearr agus beagnach i gcónaí tá sí leadránach. Níl fíricí ann ach chun dea-scéalta a loit. Diúltaíonn sinn a bheith leamh nó comhchasta. Táimid tarraingteach, mealltach, agus, ar ndóigh, ceart i gcónaí – nó ar a laghad, ní admhaímid a mhalairt.
Is é an nuacht a chuirimid ar fáil go díreach an nuacht a theastaíonn ó dhaoine. Ní cheistíonn sí an dearcadh atá acu ar chúrsaí an tsaoil; treisíonn sé é. Is sinne a chumasaíonn an claonadh deimhnithe i ndeireadh báire, fiú má chiallaíonn sé an fhírinne a lúbadh nó bréag amach is amach a insint.
Uaireanta, ba mhaith linn go léifeadh daoine ár nuacht mar go bhfuil duine éigin ag tabhairt airgid dúinn chun dearcadh ar leith a chur chun cinn. Amanna eile, cruthaímid scéalta a tharraingíonn aird le haghaidh fógraíochta. I ndeireadh na dála, is cuma linn cén fáth a bhfuil daoine ag iarraidh orainn ár gcuid scéalta a scaipeadh, chomh fada agus a fhaighimid pá as. D’fhéadfadh roinnt daoine nuacht a chruthú chun tionchar a imirt ar dhaoine, ach measaimid go bhfuil sé seo ábhairín lag. Ag insint bréige ar mhaithe le brabús? Anois sin an cluiche ceart.”