Phishermäns Freud
“Tá rud éigin ag gach duine ar mian leo a fháil agus rud éigin a bhfuil eagla orthu roimhe.”
Bainisteoir | |
Gairm | Saineolaí Fioscaireachta |
Speisialtacht | Meabhlaireacht, pearsanú, agus bagairtí inchreidte atá deartha chun íospartaigh nach dtuigeann cad atá ar siúl a bhualadh |
Paisean rúnda | Litreacha grá |
Monarcha | |
Ainm na monarchan | Monarcha Fioscaireachta |
Príomhchuspóir na monarchan | Sonraí a fháil trí mheabhlaireacht |
An leibhéal ag a n-osclaíonn an mhonarcha | Leibhéal 1 |
Minion na monarchan | |
Ainm | Minion Fioscaireachta |
Tréith speisialta | Ní féidir liom snámh |
Inis dúinn faoi do phost
“Is é an post atá agamsa ná faisnéis a bhailiú faoi dhaoine, a úsáidim chun mo leasa féin nó a roinnim le bainisteoirí eile. Tá pasfhocail, PINanna agus sonraí ar bith luachmhar dom i ndáiríre.
Thug mé faoi deara go ndéanann daoine gach cineál geallúintí go minic chun go spreagtar daoine eile leis an rud is mian leo a dhéanamh, nó ar a laghad go gcuireann siad bagairt orthu go dtarlódh rud míthaitneamhach. Is annamh a thagann na gealltanais nó na bagairtí seo i gcrích, ach is furasta daoine a threorú trína gcuid mothúchán agus eagla.
Cuirim amach baoite mar tá a fhios agam go slogfaidh duine éigin é i gcónaí. Uaireanta dírím ar shaint, uaireanta ligim orm gur duine eile mé. I ndáiríre rud ar bith chun a thabhairt ar an duine rud éigin a dhéanamh nár cheart dóibh a dhéanamh.
Bím ag cuimhneamh ar an lúb ar lár i gcónaí. Gach uair a chliceálann duine ar an nasc mícheart nó a thugann a gcuid faisnéise, is bua é domsa agus cruthaíonn sé arís agus arís eile go dtuigim aigne an duine níos fearr ná mar a thuigeann siad féin í.
Is nóiméad díomách é i gcónaí dom nuair a fheicim duine ag stopadh agus ag smaoineamh ar cad atá le déanamh acu. Ó mo dhearcadh féin, ní bhíonn toradh maith air sin de ghnáth.”